← Fiche bliain ó shin a pósadh Lisín agus Pól. 🔊✎
← Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b'in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. 🔊✎
← Mar sin a bhí i gcónaí, sa teach seo. 🔊✎
← Ach ní raibh gruaig liath ar bhean ar bith, agus rud ab iontaí fós ná sin ní raibh ach bean amháin dorcha ar an mbóthar - Eibhlín, máthair Emma Ní Loingsigh. 🔊✎
← Bhí na mná eile go léir fionn, agus dathúil agus faiseanta, b'in mar a bhí, bhí caighdeán ard ar an mbóthar maidir leis na cúrsaí seo, ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ar a haghaidh, agus éadaí deasa uirthi. 🔊✎
← Beidh áthas uirthi é sin a chloisint." 🔊
← Mar sin d'fhad sí sa bhaile, ach bhí sí gnóthach, ina ball de mhórán eagraíochtaí agus clubanna: clubanna a léigh leabhair, clubanna a rinne dea-obair ar son daoine bochta, clubanna a d'eagraigh léachtaí ar stair áitiúil agus geolaíocht áitiúil agus litríocht áitiúil, agus faoi conas do ghairdín a leagan amach ionas go mbeadh sé níos deise ná gairdíní na gcomharsan nó do theach a mhaisiú ionas go mbeadh do chairde go léir ite le formad. 🔊✎
← Murar leor sin, d'fhreastail sí ar ranganna teanga - Spáinnis, Rúisis, Sínis, Seapáinis. 🔊✎